Saturday, August 18, 2007

Saoirse nó Daoirse

Tar éis na blianta blianta tá cuma ar an scéal go bhfuil stádas oifigiúil bainte amach ag an Ghaeilge, ní hamháin ina tír dúchasach féin ach san Aontas Eorpach freisin.

Mar sin féin, táthar ag gearán nach bhfuil Rialtas na hÉireann dáiríre faoi seo agus go bhfuil Coimisiún an Aontais ag gníomhú in aghaidh an stádais Eorpaigh céanna.

Is fiú breathnú ar cúpla firic bheag a léiríonn, domsa ar aon nós, cé chomh deacair, agus cé chomh dodhéanta is atá sé lán athbheochan na teanga a bhaint amach sa bhfad téarma.

  1. Níl an Ghaeilge á húsáid mar ghnáth theanga laethúil ach ag mionramh an bheag de mhuintir na hÉireann. Agus fiú acu siúd féin bíonn réimsí den saol a chaitear trí mheán an Bhéarla. Féach ar thorthaí an staidéir is déanaí ar stad na Gaeilge agus na Gaeltachta mar léiriú ar seo.
  2. Cé go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla anois i bhfeidhm tá sé soiléir go bhfuil fadhbanna trádála agus iomaíochta i gceist a léiríonn fíorchostas na hAthbheochana, agus níl sé pioc cinnte go bhfuil muintir na hÉireann sásta iad seo a íoc.
  3. Ní ghá ach breathnú ar na comharthaí bóithre agus ar ainmneacha na sráideanna as Gaeilge agus tuigfidh tú nach raibh meas madra ag na hÚdaráis ar an dteanga le blianta fada anuas.

Tá éileamh saorga/oifigiúil á chothú i leith na Gaeilge trí Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an stádas nua Eorpach. Cinnte cuirfidh sé seo roinnt jobanna ar fáil do Ghaelgeoirí, agus aistritheoirí mar mé féin ina measc, ach bainfidh sé de stádas iomaíoch gheilleagar na tíre.

Feachtas an Lae
Tá feachtas seafóideach ar siúl ag an nuachtán "Lá" ag cur i leith an Choimisiúin Eorpaigh go bhfuil sé i gcoinne na Gaeilge agus go bhfuil sé ag iarraí an bonn a bhaint de nua-stádas na teanga san AE. Ach smaoinigh, tá job dodhéanta tugtha don Choimisiún.

Nuair a bhí an Rialtas ag plé leis na hÚdaráis Eorpacha faoi stádas na Gaeilge, de réir mar a thuigim é, chuireadar ina luí ortha gur stádas fiortheoranta a bhéadh i gceist - roinnt míle leathanach den reachtaíocht reatha agus ateangaireacht chomhuaineach ag cruinnithe áirithe. Glacadh leis an stádas ar an mbonn seo agus rinneadh tasca an Choimisiúin a mhaoiniú dá réir.

Anois tá suíomh idirlín á éileamh - na mílte leathanach? - agus níl an Rialtas sásta, nó, níl sé d'acmhainn acu, an "acquis Communautaire" a aistriú iad féin.

Séard atá san acquis ná an reachtaíocht ar fad ar glacadh léithí ó thús an chomhargaidh. I 2002, b'ionann seo agus 70,000 leathanach d'Iris Oifitiúil an Chomhphobail maidir le reachtaíocht phríomhúil agus reachtaíocht thánaisteach. Caithfear a chur le seo thart ar 15,000 leathanach de bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais agus cá bhfios dúinn cad eile.

Conus is féidir reachtaíocht as Gaeilge, ag leasú reachtíocht phríomhúil agus tháinisteach, a phlé nó a fhoilsiú muna bhfuil an bhunreachtaíocht féin ar fáil as Gaeilge i dtosach báire?

In ainm Croim, an ag magadh atá muid? Tá an scéal seo ina mhéis cruthanta agus is deacair réiteach a shamhlú.

Ar aon nós, maidir le hiomaíocht eacnamaíoch na tíre, bréagnaíonn sé an seana mhanna "Éire Saor, Éire Gaelach" (sic). Is é is daoire a bheimíd dá bharr.

Agus san go léir ráite, b'fhéidir go mbéadh suim ag daoine ins na leathanaigh thíos, a bhaineann le cúrsaí na Gaeilge, ar an suíomh idirlín agam.

Deasmhumhain
Uaisle
Iarsmaoineamh
Is fearrde thú an deis
 
 

2 comments:

Póló said...

Feicim go bhfuil an Coimisiún Eorpach ag éirí mí-fhoighdeach faoi roint de na cúrsaí thuas.

Póló said...

Tuarascáil anseo faoin gCoimisiún.